Muinín i bhFeargal Breathnach | Confidence in Feargal Breathnach

132

Let’s get to 200 signatures!
Petitions with 1,000+ supporters are 5x more likely to win!
Recent signers:
Sinead and 19 others have signed recently.

The Issue

Is mian linne, na daoine atá sínithe thíos — tuismitheoirí, caomhnóirí, iar-scoláirí, baill foirne, baill chlub agus baill de phobal níos leithne Scoil Mobhí, Scoil Chaitríona agus Na Fianna — ár muinín láidir i gceannaireacht Fheargail Bhreathnaigh ar Scoil Mobhí a chur in iúl agus ár dtacaíocht dá leanúnachas mar Phríomhoide na scoile a dhearbhú.

Faoi cheannaireacht Fheargail, tá cultúr scoile feicthe againn atá bunaithe ar chuimsiú, meas, cúram, spiorad pobail agus tiomantas fíor do leas agus d'fhorbairt gach páiste. Tá taithí phearsanta ag go leor againn ar an tionchar dearfach atá ag an gcultúr seo ar dhaltaí, ar theaghlaigh agus ar phobal na scoile i gcoitinne.

Tá nasc domhain ag Feargal le pobal champas Scoil Mobhí, agus tá a thiomantas don Ghaeloideachas, mar aon lena dhíograis chun timpeallacht a chruthú ina bhféadann páistí foghlaim, forbairt agus mothú go mbaineann siad leis an bpobal, tar éis meas agus muinín mhór a thuilleamh dó ar fud an phobail scoile.

Aithnímid gur faoin mBord Bainistíochta atá cinntí maidir le ceannaireacht na scoile a dhéanamh. Mar sin féin, mar pháirtithe leasmhara i saol na scoile, creidimid go bhfuil sé tábhachtach go gcloisfear ár nglórtha agus go mbeidh an Bord ar an eolas faoin leibhéal suntasach tacaíochta agus muiníne atá ann laistigh den scoil agus sa phobal níos leithne do leanúnachas cheannaireacht Fheargail.

Iarraimid go measúil ar an mBord Bainistíochta an breithniú is tromchúisí is féidir a dhéanamh ar aon deis a d'fhéadfadh a bheith ann do Fheargal Breathnach leanúint ar aghaidh ina ról mar Phríomhoide ar Scoil Mobhí.

Tríd an achainí seo a shíniú, is mian linn ár mbuíochas a chur in iúl do Fheargal as a cheannaireacht agus ár gcreideamh a léiriú go mbeadh a leanúnachas mar cheannaire chun leas dhaltaí, theaghlaigh agus phobal níos leithne Scoil Mobhí.

___________________________________

We, the undersigned parents, guardians, past pupils, staff, club members and members of the wider Scoil Mobhí, Scoil Chaitríona and Na Fianna community, wish to express our strong confidence in Feargal Breathnach's leadership of Scoil Mobhí and our support for his continued leadership of the school.

Under Feargal's leadership, we have witnessed a school culture characterised by inclusion, respect, care, community spirit and a genuine commitment to the wellbeing and development of every child. Many of us have experienced first-hand the positive impact that this culture has had on pupils, families and the wider school community.

Feargal's deep connection to the Scoil Mobhí campus community, his commitment to Gaeloideachas, and his dedication to fostering an environment where children can learn, thrive and belong have earned him the respect and confidence of many across the school community.

We recognise that decisions regarding school leadership are matters for the Board of Management. However, as stakeholders in the life of the school, we believe it is important that our voices are heard and that the Board is aware of the very significant level of support and confidence that exists within the school and wider community for Feargal's continued leadership.

We respectfully ask the Board of Management to give the most serious consideration possible to any opportunity that may exist for Feargal Breathnach to continue in his role as Principal of Scoil Mobhí.

By signing this petition, we wish to record our appreciation for Feargal's leadership and our belief that his continued leadership would be in the best interests of the pupils, families and wider community of Scoil Mobhí.

Petition Updates

Share this petition

Petition created on 23 June 2026