Amhráin Gaeilge ar an Raidió

The Issue

English version

Dar le UNESCO tá'n Ghaeilge 'i mbaol go cinnte', ach déanann príomh-stáisiúin raidió neamhaird ar amhráin a cantar i nGaeilge. Má tá na Francaigh in ann dlí a thabhairt isteach chun ceol Fraincíse a sheinnt ar na h-aertonnta, is féidir leis na h-Éireannaigh seo a dhéanamh freisin.

Táimse ag seinnt i mbuíon cheoiI le 31 bliain, tá 20 albam eisithe againn, táimid théis seinnt ag féilte móra idirnáisiúnta i 38 tír, tá ceol cumtha againn do scanáin a bhí ainmnithe do ghradaim Oscar ach fós déanann príomh stáisiúin Raidió na tíre neamhaird orainn is ad ag réitiú a gchláir seinnte. Freisin táim ag reachtáil 'An Puball Gaeilge' ag an bPicnic Aibhléiseach (EP) le 11 bhlian anois agus i mbliana theis na pod-chraolta, na cainteanna agus an fhuirseoireacht bhí 35 bhuíon ceoil ag seinnt i stíleanna éagsúla ar nós geabaireacht, rac, cór barbóireachta agus pop, go h-uile i go h-iomlán i nGaeilge

Tá ár stáisiún Raidió ar nós tuar aimsire na Breataine, cé go bhfuil ár dtír le feiscint ní luaitear logainm áite nach bhfuil faoin a sheilbh. Déanann siad neamhshuim den tír ar a dtugtar Éire cé go bhfuil sé le feiscint. Déanann na príomh-stáisiúin Raidió in Éireann an rud céanna le h-amhráin Gaeilge. Shílfeadh duine go bhfuil polasaí rúnda craoltóireachta aontaithe acu a deir nach seinnfear ach amhráin i mBéarla.

Is gá go n-athródh sé seo le gur féidir cuidiú leis an líon buíon atá ag méadú in aghaidh na bliana a chur chun cinn agus cuidiú leo slí maireachtála a dhéanamh  ag canadh ina dteanga féin. Cuideoidh seo go mór teanga atá i mbaol a thiontú go teanga atá slán.

avatar of the starter
Rossa Ó SnodaighPetition StarterCeoltóir, Cnaguirliseoir, Iománathóir, Scríobhnóir, Feactasóir, Eagraitheoir féilte,
This petition had 4,385 supporters

The Decision Makers

Richard Bruton
Richard Bruton
Minister for Communications, Climate Action and Environment
Minister Richard Bruton

Petition Updates

Share this petition

Petition created on 8 October 2018