Rogha Gaeilge ar innill airgid de chuid Bhanc Uladh

Le problème
Fad agus a bhí mé ag obair i mBanc Uladh i 2006, iarradh orm na roghanna ar an scáileán ar na hinnill airgid de chuid Bhanc Uladh a aistriú go Gaeilge. Rinne mé sin gan íocaíocht. Dúradh liom go gcuirfí an rogha Gaeilge ar beagnach gach inneall airgid ar fud na hÉireann i rith an tsamhraidh i 2007. Faraor níor tharla sin.
Sheol mé litir chuig Paul Stanley, Ardfheidhmeannach Bhanc Uladh chun a mhíniú dó cad a tharla agus gur theastaigh uaim go mbuailfidh sé liom le go gcuirfear an rogha Gaeilge ar fáil chomh luath is ar féidir. Faraor rinne sé neamhaird de mo litir.
Is mithid go gcuirfear i bhfeidhm é! Rinneadh an t-aistriúchán saor in aisce agus gealladh go gcuirfí ar fáil é. Tá rogha Gaeilge ar na hinnill airgid de chuid Bhanc na hÉireann, iomaitheoir mór le Banc Uladh.
Sínígí an achainí seo le bhur dtoil agus cuirigí in iúl do Bhanc Uladh go bhfuil rogha Gaeilge ar na hinnill airgid á lorg!

Pétition fermée
Partagez cette pétition
Les décisionnaires
Mises à jour sur la pétition
Partager la pétition
Pétition lancée le 31 mai 2016